Copyright thejournal

We need your help now Support from readers like you keeps The Journal open. You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough. If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it. One-off amount I already contribute Sign in. It’s quick, free and it’s up to you. An account is an optional way to support the work we do. Find out more. Investigates Investigates Money Diaries The Journal TV Climate Crisis Cost of Living Road Safety Newsletters Temperature Check Inside the Newsroom The Journal Investigates Daft.ie Property Allianz Home The 42 Sport TG4 Entertainment The Explainer A deep dive into one big news story Sport meets news, current affairs, society & pop culture have your say Or create a free account to join the discussion Advertisement More Stories Bhí Kara Owen i measc iadsan a thug a litreacha creidiúnaithe don Uachtaran, Mícheál D. Ó hUigín, le déanaí.Áras an Uachtaráin british ambassador Gaeilge an teanga ba dheacra a d'fhoghlaim mé agus is mó sásaimh - Ambasadóir na Breataine Deir Ambasadóir na Breataine d’Éirinn go bhfuil an Ghaeilge úsáidte ag an Ri Charles ag roinnt ócáidí agus gur léiriú é sin ar a cheanúlacht ar an dtír. 8.01pm, 3 Nov 2025 Share options (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) TÁ AMBASADÓIR NA Breataine in Éirinn, Kara Owen, ag foghlaim na Gaeilge ó i bhfad roimh di bheith ar an eolas go mbeadh sí seolta go Éirinn le bheith ina príomh tadhlóir i mBaile Átha Cliath ar son rialtas ár gcomharsana, thug sí le fios in agallamh le The Journal. Dúirt Owen freisin go raibh an Rí Charles, cosúil lena mháthair an Bhanríon Eilís, tar éis cúpla focal as Gaeilge a úsáid ag ócáidí éagsúla, rud a dúirt sí go raibh ina léiriú ar a cheanúlacht ar Éirinn. 🎉 Today was a truly special occasion as we officially welcomed the new British Ambassador to Ireland! 👋 Meet Ambassador @karaowen CMG CVO pic.twitter.com/u9GVQUow5Z— British Embassy Dublin (@BritEmbDublin) October 15, 2025 Spreag an tAmbasadóir nuacheaptha go leor cainte agus iontas nuair a labhair sí roinnt abairtí i nGaeilge líofa i bhfíseán a d’fhoilsigh sí ar ardáin mheáin sóisialta na h-ambasaide agus í ag cuir tús lena dualgas an mhí seo cáite. Agus í ag labhairt le The Journal, dúirt Owen go raibh go leor le foghlaim aici go fóill. “Thosnaigh mé ag foghlaim Gaeilge tar éis a rugadh mo chéad iníon, i bhfad roimh a bhfuair mé amach go raibh mé ag teacht anseo,” dúirt sí. “Thuig mé go raibh sé suimiúil agus theastaigh uaim tabhairt faoi agus fáil amach i gceart. “Nuair a bhfuair mé amach go mbeinn ag teacht go Baile Átha Cliath, thóg saoire shé sheachtaine agus d’fhreastail mé ar ranganna Gaeilge gach lá agus táim ag freastal ar ranganna gach seachtain ó shin. “Is í an Ghaeilge an teanga is deacra a d’fhoghlaim mé riamh, níos deacra ná an Chaintoinéis, Vítneaimís nó Fraincis – ach is í an teanga is mó a bhaineas luach saothair as freisin. “Tá daoine tar éis bheith chomh cineálta agus ag tabhairt ugach dom, tá’s agam go mbeidh mé á foghlaim ar feadh i bhfad agus glacaim leis go ndéanfaidh mé botúin. “Is éard a theastaíonn uaim go mbeidh mé ábalta cumarsáid a dhéanamh go héasca agus tuiscint doimhin a bheith agam ar an teanga. Is teanga álainn í an Ghaeilge agus is mór an chabhair atá sí tar éis a thabhairt dom chun tuiscint a fháil ar chultúr na hÉireann agus fiú Béarla na hÉireann. Advertisement “Tá go leor le foghlaim fós.” Labhair an tAmbasadóir faoin gceangal atá ag a clann le Éirinn agus mhínigh go raibh ceangal ar leith ag taobh a máthar agus, anuas ar sin, go raibh sí féin pósta ar William, arbh as do cheantar Bhéal Átha na Slua i gContae na Gaillimhe do agus gur iar shaighdiúir abea é i bhFórsaí Cosanta na hÉireann. “Tagann Muintir Treacy ó Chaisleán Mhic Ádhaimh i gCill Mhantáin,” dúirt sí. Rinne sí cur síos ar fhear ón gclann sin a bhog go Sasana timpeall ar 1850 agus phós seisean bean ó Bhaile Nua na hÁrda i gContae an Dúin. Bhí seisean ina mhianadóir i gceantar Cumbria agus bhí athair a bhean chéile sa ghnó chéanna. “Bhí pobal mór de bhunadh na hÉireann san áit ar fhás mé suas – is féidir sin a aithint ós na hainmneacha sa cheantar – Kinsellas, Costelloes, Brennans. “Ag fás suas dom, bhí tionchar ar ár gcultúir nár thuig go raibh siad Gaelach ag an am – bhí focail ar nós ‘craic’ agus nathanna cainte cosúil le ‘hold your whisht’ mar chuid dár teanga laethúil. “Is ó láimh le Béal Átha na Slua i gContae na Gaillimhe do m’fhear chéile William agus bhí sé ina shaighdiúir i bhFórsaí Cosanta na hÉireann.” Thug sí ard mholadh dá múinteoir agus thug le fios go raibh sí tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh tumtha sa teanga i gCill Mhantáin le déanaí. Dúirt sí go mbíonn Oifig Ghnóthaí Eachtracha na Breataine ag spreagadh tadhlóirí a sheolann siad thar lear teangacha na dtíortha a bheidh siad ag obair ann a fhoghlaim ach nach bhfuil sé riachtanach. “Cuireann an Oifig Ghnóthaí Eachtrach luach ard le tuiscint agus gníomhaíocht chultúrtha agus tá teanga lárnach ansin. “Tá brí doimhin chultúrtha is stairiúil le Gaeilge in Éirinn, mar sin is mó ná rud siombalach iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim, tá brí leis. “Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, is rud pearsanta é, tá iarracht déanta agam i gcónaí ceangal a dhéanamh leis na háiteanna ina dtagaim chun cónaí iontu agus iad a thuiscint. “Tá an teanga i measc na mbealaí is fearr chun sin a dhéanamh.” Agus í neadaithe ina post nua anois, cad é plean an Ambasadóra an Ghaeilge a úsáid agus leanúint lena haistear foghlamtha? Related Reads Beagnach €19m caite ag comhlachtaí phoiblí ar fhógraíocht i 2024 as iomlán de €95m A céad turas ó thuaidh tugtha ag an Uachtarán nuathofa, agus gan í fiú insealbhaithe President-elect Connolly in Belfast as she keeps her promise to make her first trip north “Táim tar éis úsáid a bhaint as cheana féin agus mé ag bronnadh mo litir chreidiúnaithe ar an Uachtarán – bhí mé lán le nearóga ach bhí sé thar a bheith speisialta.” RTÉ News / YouTube Tá cuimhne ag an Ambasadóir ar an uair a tháinig an Bhanríon Eilís go Éirinn i 2011 agus nuair a labhair sí cúpla focal as Gaeilge ag an bhféasta Stáit a d’eagraíodh ina honóir i gCaisleán Átha Cliath. “Is cuimhin liom na mothúcháin a spreag sé – bhí cumhacht dochreidte sa mhéid a rinne sí, a láithreacht ag Gairdín an Chuimhneacháin agus a focail i nGaeilge ag an bhFéasta Stáit, ‘A Uachtaráin agus a chairde’,” dúirt sí. “Léiríonn sé conas is féidir le tadhlóireacht labhairt le fíor dhaoine agus faoi fhíor stair. “D’fhan sin liom agus d’fhág sé a lorg ar thón an chaidrimh Bhriotanach Éireannach sna blianta a lean é.” Tá an tAmbasadóir den bharúil go bhfuil an Rí Charles báúil go maith leis an Ghaeilge agus thug sí chun cuimhne ócáidí éagsúla ag ar labhair sé cúpla focal agus go raibh brí le seo. “Nuair a chuaigh sé go Caiseal i 2022, chuir sé tús lena chaint le na focail ‘A chairde/friends’ agus ina dhiaidh sin nuair a chas sé le Céad Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O’Neill, labhair sé na focail seo as Gaeilge ‘Tráthnóna maith a Céad Aire’ agus arís nuair a chuir sé beannacht as Gaeilge ina theachtaireacht do Lá Fhéile Pádraig – ‘Lá Fhéile Pádraig sona daoibh go léir’.” Dar leis an Ambasadóir, tá an Rí Charles tar éis labhairt go fíor ceanúil faoi Éirinn agus luaigh sí mar shampla an méid a dúirt sé ina theachtaireacht ar Lá Fhéile Pádraig go dtí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigín. “Dúirt an Rí Charles ‘Agus sinn ar chuairteanna go dtí do thír iontach, tá cuimhní a cruthaíodh agus a fhanann linn mar órchiste’.” “Creidim go léiríonn an seintimint seo spiorad a ghníomhaíochtaí in Éirinn – léirigh sé meas, tháinig sé ón gcroí agus léirigh sé a bhuíochas as an gcaidreamh idir an dá thír chomharsanach.” Is cinnte go mbeidh fáilte roimh Ambasadóir Gaelach na Breataine in Éirinn in Áras an Uachtaráin, nó tá an Uachtarán tofa, Catherine Connolly, tar éis a gheallúint go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre aici, agus ag ócáidí Gaelacha eile le linn a seal in Éirinn. Nó, mar a deir an seanfhocal, tús maith leath na hoibre. Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil Readers like you are keeping these stories free for everyone... A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation. Support The Journal Concubhar Ó Liatháin Viewcomments Send Tip or Correction Embed this post To embed this post, copy the code below on your site Email “Gaeilge an teanga ba dheacra a d'fhoghlaim mé agus is mó sásaimh - Ambasadóir na Breataine”. Recipient's Email Feedback on “Gaeilge an teanga ba dheacra a d'fhoghlaim mé agus is mó sásaimh - Ambasadóir na Breataine”. Your Feedback Your Email (optional) Report a Comment Please select the reason for reporting this comment. Please give full details of the problem with the comment... This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy before taking part. Leave a Comment Submit a report Please help us understand how this comment violates our community guidelines. Damaging the good reputation of someone, slander, or libel. Racism or Hate speech An attack on an individual or group based on religion, race, gender, or beliefs. Trolling or Off-topic An attempt to derail the discussion. Inappropriate language Profanity, obscenity, vulgarity, or slurs. Advertising, phishing, scamming, bots, or repetitive posts. Please provide additional information Thank you for the feedback Your feedback has been sent to our team for review. Leave a commentcancel Newly created accounts can only comment using The Journal app. This is to add an extra layer of security to account creation. Download and sign into the app to continue. Access to the comments facility has been disabled for this user View our policy ⚠️ Duplicate comment Post Comment have your say Or create a free account to join the discussion Ambasadóir le Gaeilge an ghaeilge british ambassador British-Irish relations Caidreamh Briotanach Éireannach king charles Queen Elizabeth IzI News in 60 seconds Former hurler DJ Carey sentenced to over five years after faking cancer to con money out of people Hillsborough Law UK State failed Hillsborough victims and families, PM Keir Starmer says as he brings in Bill 26 mins ago rainy south east Six counties to come under 12-hour Status Yellow rain warning from midnight 29 mins ago Irish speaking British Ambassador Irish is the most difficult and most rewarding language I've learned - British Ambassador 38 mins ago Stephen Crean 'Do you want to die?' suspected knifeman asked UK train victim 54 mins ago Sister Stanislaus Kennedy remembered as a tireless advocate with 'a spine of tempered steel' Cyclist (20s) in serious condition after collision involving two cars in Finglas Former hurler DJ Carey sentenced to over five years after faking cancer to con money out of people Path to Power Newstalk conducting review of Ivan Yates's work at the station after Fianna Fáil revelation Sister Stanislaus Kennedy remembered as a tireless advocate with 'a spine of tempered steel' Man driving on the M4 armed with suspected firearm arrested by gardaí more from us Investigates Money Diaries The Journal TV Journal Media Advertise With Us About FactCheck Our Network FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition more from us TV Listings GAA Fixtures The Video Review Journal Media Advertise With Us Our Network The Journal FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition © 2025 Journal Media Ltd Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition Switch to Desktop Switch to Mobile The Journal supports the work of the Press Council of Ireland and the Office of the Press Ombudsman, and our staff operate within the Code of Practice. You can obtain a copy of the Code, or contact the Council, at https://www.presscouncil.ie, PH: (01) 6489130, Lo-Call 1800 208 080 or email: mailto:info@presscouncil.ie Report an error, omission or problem: Your Email (optional) Create Email Alert Create an email alert based on the current article Email Address One email every morning As soon as new articles come online