Copyright thejournal

We need your help now Support from readers like you keeps The Journal open. You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough. If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it. One-off amount I already contribute Sign in. It’s quick, free and it’s up to you. An account is an optional way to support the work we do. Find out more. Investigates Investigates Money Diaries The Journal TV Climate Crisis Cost of Living Road Safety Newsletters Temperature Check Inside the Newsroom The Journal Investigates Daft.ie Property Allianz Home The 42 Sport TG4 Entertainment The Explainer A deep dive into one big news story Sport meets news, current affairs, society & pop culture have your say Or create a free account to join the discussion Advertisement More Stories Beidh conspóid faoi chomharthaíocht dhá theangach ag staisiún nua iompair Bhéal Feirste le réiteach ag an Coimisinéir Gaeilge nua cheaptha.Alamy Stock Photo Ré Nua ó Thuaidh Conspóid comharthaíochta Grand Central Station le réiteach ag an gCoimisinéir Gaeilge nua Beidh go leor dúshláin roimh na Coimisinéirí nua teanga atá ceaptha ó thuaidh faoi dheireadh. 12.36pm, 29 Oct 2025 Share options (This article is by our new Gaeltacht team. You can read an English version here. ) NÍL COSA AN Choimisinéara nuacheaptha don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann faoina dheasc go fóill ach tá an tráidire isteach ag cur thar maoil le conspóidí teanga cheana féin, ní lú ina measc an t-aighneas faoi chomharthaíocht dhá theangach atá orduithe don stáisiún nua iompair phoiblí i lár Bhéal Feirste. Ghlac sé breis is cúig bliana ó d’aontaigh Sinn Féin agus an DUP go mbeadh Coimisinéir Ghaeilge agus a chomhionann don Albainis Uladh agus Briotanachas ó thuaidh agus seacht mí sa bhreis ar sin don bpróiseas earcaíochta. Ach, faoi dheireadh, fógraíodh i ráiteas scríofa a héisíodh ar shuíomh idirlín Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann go raibh Pól Deeds, leas phríomh fheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus Lee Reynolds, comhairleoir de chuid an DUP agus gníomhaí in eagrais Ultaise, ceaptha go hoifigiúil ina gCoimisinéirí Gaeilge agus Ultaise/Briotanachas faoi sheachain. Bhí ainmneacha na beirte i mbéal an phobail le dhá mhí tar éis gur tugadh chun solais i mí Lúnasa gurb iad a tháinig tríd an phróisis earcaíochta a thosnnaigh i mí na Márta ach, go dtí an tseachtain seo, ní raibh aon ráiteas oifigiúil faoin bpróiseas ón Fheidhmeannas seachas go raibh an próiseas “ag druidim chun críche”. De réir an ráitis a h-éisíodh inné, lá roimh oscailt an Oireachtais i mBéal Feirste, is í an Dr Katy Radford, iar leas chathaoirleach ar Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus iar chomhalta ar an gCoimisiún Cothromais, a bheidh ina stiúrthóir ar Oifig an Ionannais agus Léirithe Chultúrtha agus tá cúigear eile ainmnithe ina gcomhaltaí ar bhord na heagraíochta nua. Sa ráiteas a h-éisíodh Dé Máirt, ní raibh aon ráiteas pearsanta ón gCéad Aire Michelle O’Neill ó Shinn Féin ná ón Leas Chéad Aire, Emma Little-Pengelly (DUP), seachas ráiteas a luadh leo beirt: Guímid gach rath orthu ina róil agus táimid ag súil le bheith ag obair leo. Advertisement Is mór an difear idir sin agus an fháilte ríméadach a chuir Conradh na Gaeilge le ceapachán Deeds ina Choimisinéir Gaeilge. Dar le Ciarán Mac Giolla Bhén, uachtarán an eagrais abhcóideachta teanga, is “céim stairiúil chun cinn” an ceapachán cé go n-aithnítear ina ráiteas nach bhfuil sa reachtaíocht faoina mbeidh an Coimisinéir Gaeilge ag feidhmiú ach “tús aistir”. Don chéad uair beidh guth láidir don Ghaeilge neadaithe i gcroílár an státchórais. “Dúirt muid go soiléir ag an am nach bhfuil an tAcht nua seo foirfe, nach bhfuil sé ar bhealach ar bith láidir go leor, nach gcomhlíonann sé an tAcht a gealladh i 2006 de réir múnla na Breataine Bige agus go mbeidh troid le déanamh againn gach lá lenár gcearta teanga a chinntiú fríd an mhéicníocht reatha.” I measc na n-ábhar a bheidh ag fánacht ar Deeds nuair a thosaíonn sé ina ról cúig bliana ar Lúnasa 13, beidh an t-aighneas faoi chomharthaíocht dhá theangach ag an mór stáisiúin bus agus traein i lár Bhéal Feirste, Grand Central Station. Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag an ghníomhaí aontachtach Jamie Bryson ar chinneadh an Aire Bhonneagair Liz Kimmins ó Shinn Féin comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla a bheith sa stáisiún. Ag éisteacht an mhí seo cáite mhol an breitheamh go gcuirfí an cheist seo faoi bhráid an Choimisinéara nua, ná raibh fógartha go hoifigiúil ag an am. Tá go leor ceisteanna eile a bheidh súil go mbeidh an Coimisinéir nua ábalta dul i ngleic leo agus is cinnte go mbeidh súil ghéar á gcoimeád orthu ag páirtithe ar gach taobh. Is é £88,268(€100,000) an tuarastal a íocfar le na Coimisinéirí agus an Stiúrthóir. Chuir urlabhraithe Shinn Féin agus an SDLP fáilte roimh na ceapacháin ach ní raibh aon ráiteas foilsithe ar shuíomh idirlín an DUP faoin gcinneadh a fógraíodh inné. Dúirt cathaoirleach Shinn Féin, Declan Kearney, gur ‘céim mhór chun cinn’ do Ghaeilgeoirí sa tuaisceart é ceapachán an Choimisinéara Gaeilge. Related Reads Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge Belfast, home of Kneecap and Harland & Wolff, to host Oireachtas na Gaeilge festival Irish will be working language in Áras an Uachtaráin during Catherine Connolly's term “Beidh ról ceannródaíoch ag an Choimisinéir i bhfeabhsú agus i gcosaint na teanga ar fud ár seirbhísí poiblí agus sa saol laethúil.” Ní raibh aon tagairt don Choimisinéir Ultaise is Briotanachais i raiteas urlabhraí Shinn Féin. Deis abea na ceapacháin bogadh ar aghaidh ón aighneas timpeall ar na ceisteanna seo, trí meas agus comhthuiscint a spreagadh do thraidisiúin éagsúla, thug urlabhraí Gaeilge an SDLP, Patsy McGlone le fios, cé gur cheistigh sé taithí na gcomhaltaí ar bhord na hOifige Ionannais agus Léirithe Chultúir ar cheisteanna teanga. “Tá an ceart ag gach aon duine a gcultúr a cheiliúradh agus is údar mór dhíomá gur caitheadh le na ceisteanna seo mar pheil pholaitiúil as seo chomh minic sin roimhe seo.” I raiteas ón UUP, dúirt leascheannaire an pháirtí Robbie Butler gur cheart go mbeadh tógáil muiníne – seachas scoilt – mar sprioc ag na Coimisinéirí Teanga. Cháin Butler Sinn Féin toisc gur idir an dá mór pháirtí a raibh na cainteanna faoin ábhar seo agus, dár leis, ná raibh tacaíocht aige ó mórán eile. Is féidir le cur chun cinn teanga bheith dearfach ach níor cheart é a bhrú ar phobail nach bhfuil sé ag teastáil uathu. Fáilte fuar a raibh ag an Traditional Unionist Voice roimh na ceapacháin. Dar le ráiteas ón bhFeisire Timothy Gaston, bhí dualgas ar an DUP “stop a chur le haon iarracht óna gCoimisinéir Gaeilge idirghabháil sa chás faoin chomharthaíocht Gaeilge sa Lár Stáisiún Mór nó treoir a eisiúint a bheadh ag teacht le polasaí Chonradh na Gaeilge”. Is cinnte go bhfuil dúshlán roimh an Choimisinéir Gaeilge nua nó beidh gá le dul i gcomhar le hOifig an Fheidhmeannais ar cheisteanna conspóideacha agus léiríonn an mhoill sa phróiseas ceapacháin na constaicí a bheidh roimhe. Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil Readers like you are keeping these stories free for everyone... A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation. Support The Journal Concubhar Ó Liatháin Viewcomments Send Tip or Correction Embed this post To embed this post, copy the code below on your site Email “Conspóid comharthaíochta Grand Central Station le réiteach ag an gCoimisinéir Gaeilge nua ”. Recipient's Email Feedback on “Conspóid comharthaíochta Grand Central Station le réiteach ag an gCoimisinéir Gaeilge nua ”. Your Feedback Your Email (optional) Report a Comment Please select the reason for reporting this comment. Please give full details of the problem with the comment... This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy before taking part. Leave a Comment Submit a report Please help us understand how this comment violates our community guidelines. Damaging the good reputation of someone, slander, or libel. Racism or Hate speech An attack on an individual or group based on religion, race, gender, or beliefs. Trolling or Off-topic An attempt to derail the discussion. Inappropriate language Profanity, obscenity, vulgarity, or slurs. Advertising, phishing, scamming, bots, or repetitive posts. Please provide additional information Thank you for the feedback Your feedback has been sent to our team for review. Leave a commentcancel Newly created accounts can only comment using The Journal app. This is to add an extra layer of security to account creation. Download and sign into the app to continue. Access to the comments facility has been disabled for this user View our policy ⚠️ Duplicate comment Post Comment have your say Or create a free account to join the discussion an ghaeilge An Próiséas Síochána Béal Feirste Cearta Teanga Comharthaíocht grand central station Ré Nua ó Thuaidh News in 60 seconds DJ Carey's sentence hearing postponed until Friday after court informed he is in hospital Billionaire mindset What Stripe's John Collision gets right - and wrong - about Ireland's infrastructure failures 45 mins ago election fallout Micheál Martin says it's 'not fair' to suggest he doesn't listen to Fianna Fáil backbenchers 11 mins ago your stories Have you lost your job recently? We want to hear from you 49 mins ago Central Criminal Court Trial of man charged over 79 historical sexual abuse allegations set for next June 54 mins ago Tolls to increase on 10 national roads including the M50 from January Weather Warnings Status Yellow warnings issued for six counties tomorrow English tourist dies from injuries after alleged Temple Bar assault Extreme Weather Why is Hurricane Melissa so strong and how will it impact Ireland? At least 300 jobs at risk as Fastway parent company enters receivership Belgium v Ireland, Nations League play-offs more from us Investigates Money Diaries The Journal TV Journal Media Advertise With Us About FactCheck Our Network FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition more from us TV Listings GAA Fixtures The Video Review Journal Media Advertise With Us Our Network The Journal FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition © 2025 Journal Media Ltd Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition Switch to Desktop Switch to Mobile The Journal supports the work of the Press Council of Ireland and the Office of the Press Ombudsman, and our staff operate within the Code of Practice. You can obtain a copy of the Code, or contact the Council, at https://www.presscouncil.ie, PH: (01) 6489130, Lo-Call 1800 208 080 or email: mailto:info@presscouncil.ie Report an error, omission or problem: Your Email (optional) Create Email Alert Create an email alert based on the current article Email Address One email every morning As soon as new articles come online