Copyright thejournal

We need your help now Support from readers like you keeps The Journal open. You are visiting us because we have something you value. Independent, unbiased news that tells the truth. Advertising revenue goes some way to support our mission, but this year it has not been enough. If you've seen value in our reporting, please contribute what you can, so we can continue to produce accurate and meaningful journalism. For everyone who needs it. One-off amount I already contribute Sign in. It’s quick, free and it’s up to you. An account is an optional way to support the work we do. Find out more. Investigates Investigates Money Diaries The Journal TV Climate Crisis Cost of Living Road Safety Newsletters Temperature Check Inside the Newsroom The Journal Investigates Daft.ie Property Allianz Home The 42 Sport TG4 Entertainment The Explainer A deep dive into one big news story Sport meets news, current affairs, society & pop culture have your say Or create a free account to join the discussion Advertisement More Stories Beidh Moglaí Bap agus DJ Próvaí agus Le Boom ag déanamh gig ar leith le linn Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste.Kneecap An tOireachtas Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge Beidh Oireachtas na Samhna á reachtáil i mBéal Feriste as seo go dti Dé Domhnaigh, an chéad uair don fhéile bheith cois cuain ó 1997. 11.27am, 28 Oct 2025 Share options (This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here) FÁILTE GO CATHAIR Kneecap nó an chathair ar a dtugtaí Béal Feirste trath. Is é sin an grúpa ceoil Kneecap, ar eagla na mí thuisceana. As seo go dtí Dé Domhnaigh, is é seo príomh chathair cultúrtha na nGael nó is anseo ar bhruacha an Lagain a bheidh Oireachtas na Samhna á reáchtáil. Dá ndéarfá ós ard ar chlár ráidió nó i dtacsaí i mBéal Feirste go raibh tú ag freastal ar an Oireachtas atá le reáchtáil i bpríomh chathair an Tuaiscirt, d’fhéadfá mí thuiscint eile a spreagadh agus féachaint aisteach nó dhó a mhealladh. Tá baol an mithuisceana ann, áfach, mar go bhfuil an t-ainm céanna ar mhórfhéile na Gaeilge agus atá ar ár gcóras parlaiminte, Tithe an Oireachtais,. Dóibh siúd ar suim leo an stair, tionóladh an chéad Oireachtas sa Seomra Cruinn i mBaile Átha Cliath ar 17 Bealtaine, 1897. Is ionann Oireachtas agus ‘mór thionól’ agus is é sin bunús an tOireachtas ina bhfuil an Dáil, an Seanad agus an tUachtarán suite le chéile. Is é seo an dara huair a bheidh an fhéile á reáchtáil sa chathair is mó san oir thuaisceart ach an chéad uair ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta ann i 1998 agus sna sála ar chinneadh cúpla seachtain ó shin polasaí dhá teangach a chur i bhfeidhm i gcathair a chuir fáilte fhuar roimh an teanga sna blianta atá caite. Advertisement Nuair a reáchtáladh an tOireachtas i mBéal Feirste go deireanach i 1997, bhí aer an dóchais sa an aer agus cainteanna ar bun chun teacht ar dheireadh chríochnúil le tús an phróisis síochána. Anois beagnach 30 bliain níos déanaí tá cuid mhór dul chun cinn déanta, tá fás tagtha ar líon na ndaltaí ag freastal ar iliomad bunscoileanna agus an t-aon mheánscoil lán Ghaeilge sa chathair, Coláiste Feirste Mura bhfuil Gaeltacht oifigiúil sa chathair, tá Ceathrú Gaeltachta ann in iarthar na cathrach, croí cheantar traidisiúnta na teanga agus suíomh cuid de láithreacha íocónacha na Gaeilge sa chathair, Cultúrlann McAdam Ó Fíaich agus Cumann Chluain Aird, ach tá pobail Gaelach i ngach cuid den chathair anois, fiú in oirthear dílseach Bhéal Feirste mar atá obair ar bun chun scoil nua lán Ghaeilge, Scoil na Seolta, alonnú. Tá teannas fós san aer nó níl páirtithe aontachtacha sásta leis an bpolasaí nua dhá teangach atá glactha leis ag móramh chomhairleoirí na cathrach agus iad ag cur in éadan an Ghaeilge a bheith ar chomharthaíocht dhá theangach ina gceantair, mar a áiríonn siad iad. Ach glacfaidh an polataíocht céim ar chúl agus an cultúr céim chun tosaigh idir seo agus an Domhnach fad is a bheidh an fhéile seo, a mheallfaidh suas le 10,000 cuairteoir ar an gcathair agus a spreagfaidh caiteachas de thuairim is £6m/€8m as seo go dtí an Domhnach. Tosnaíonn an fhéile ar an gCéadaoin nuair a dhéanfaidh Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, an oscailt oifigiúil agus beidh go leor duaiseanna le bronnadh aige an lá céanna nó tá na gradaim litheartha le bronnadh ar go leor scríbhneoirí, filí agus údair léannta san iarnóin agus, istoíche, beidh réalta na Gaeilge, aisteoirí, iriseoirí, craoltóirí agus láithreoirí amuigh ina n-éadaí manglama d’ócáid bronnta na nGradam Cumarsáide. Tá éagsúlacht mhór chomórtais d’aois ghrúpaí ó faoi 10 go dtí os cionn 35 – agus iad ag iomaíocht do bhoinn don scéalaíocht, lúibíní, agallaimh bheirte, amhránaíocht ar an sean nós, amhránaíocht saothair, amhránaíocht nach é an sean nós agus go leor eile. Tá comórtais do chóracha ag filleadh i mbliana agus ceaptar go mbeidh beagnach mile iomaitheoir páirteach sna comórtais éagsúla, an líon is airde le blianta fada. Related Reads Irish will be working language in Áras an Uachtaráin during Catherine Connolly's term Gaeilge le bheith ina teanga oibre san Áras le linn téarma Uachtaránachta Catherine Connolly Connolly go maith chun tosaigh sna ceantair Ghaeltachta I measc na mbuaic phointí eile ag an fhéile chúig lá seo, beidh: Déardaoin is ea lá na n-óg go traidisiúnta agus beidh na hionaid lán le hiomaitheoirí agus a dtuismitheoirí le haghaidh comórtais éagsúla. An oíche sin, áfach, beidh deis ag daoine óga atá níos sine, scoláirí tríú libhéil is eile freastal ar ghig speisialta le DJ Próvaí agus Moglaí Bap ó Kneecap in éineacht le haoi speisialta, Le Boom. Tá na ticéid ar fad, a raibh ar díol ar £15, ceannaithe. Comórtais sean nóis idir amhránaíocht agus rince. Is ag an Oireachtas a bhíonn triail ar fhonnadóirí is damhsóirí ar an sean nós is beidh comórtais ann do dhaoine óga agus do dhaoine fásta as seo go dtí an tSathairn. Is é Corn Uí Riada an príomh chomórtas d’amhránaithe a bhuaigh Comórtas na bhFear nó Comórtas na mBan roimhe seo agus beidh iomaíocht ghéar don trófaí ata ainmnithe in ómós do Sheán Ó Riada. Craolfar na príomh chomórtais amhránaíochta ar an sean nós ar RTÉ RnaG agus beidh Steip, an comórtas rince ar an sean nós, le feiceáil ar TG4 tráthnóna Dé Sathairn. Is iomaí leabhar a sheolfar nó scannán a bhfaighidh a chéad taispeántas le linn an Oireachtais is beidh áiseanna nua don teanga á seoladh ann freisin – ina measc tá FOTHEIDIL, córas a dhéanann tras-scríobh ar comhaid fhuaime nó físeáin. Tabharfar spléachadh ar Theicneolaíochtaí AI agus ar áiseanna ABAIR. atá á eagrú ag an tSaotharlann Fhoghraíochta & Urlabhra, Coláiste na Tríonóide. Cuirfear tús le féile nua do scannáin Gaeilge agus i dteanga mhionlaigh eile, Flix Feirste an oíche sin. I dteannta sin beidh go leor plé agus cur agus cúitimh ann. Beidh seimineáir faoi logainmneacha, cúrsaí na meáin chlóite as Gaeilge, pleanáil teanga agus faoi mór cheisteanna an lae don Ghaeilge is don Ghaeltacht. Beidh TG4 ag reáchtáil maistir ranganna i scríbhneoireacht don dteilifís is tá Ros na Rún ag reáchtáil ceardlanna don aisteoireacht. Beidh Aonach an Oireachtais ann ag a bhfuil togha gach t-léine is rogha gach féirín teanga le fáil ann. Tá an t-eolas iomlán faoi imeachtaí na féile, a thiocfaidh clabhsúr leo le seirbhísí eaglasta ar an Domhnach, le fáil ag suíomh idirlín an Oireachtais. An bhliain seo chugainn beidh Fleá Cheoil na hÉireann á reáchtáil sa chathair don gcéad uair. Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil Readers like you are keeping these stories free for everyone... A mix of advertising and supporting contributions helps keep paywalls away from valuable information like this article. Over 5,000 readers like you have already stepped up and support us with a monthly payment or a once-off donation. Support The Journal Concubhar Ó Liatháin View 6 comments Send Tip or Correction Embed this post To embed this post, copy the code below on your site Email “Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge”. Recipient's Email Feedback on “Cliabhán Kneecap is Harland & Wolff, Béal Feirste, ag cur fáilte roimh Oireachtas na Gaeilge”. Your Feedback Your Email (optional) Report a Comment Please select the reason for reporting this comment. Please give full details of the problem with the comment... This is YOUR comments community. Stay civil, stay constructive, stay on topic. Please familiarise yourself with our comments policy before taking part. Leave a Comment Submit a report Please help us understand how this comment violates our community guidelines. Damaging the good reputation of someone, slander, or libel. Racism or Hate speech An attack on an individual or group based on religion, race, gender, or beliefs. Trolling or Off-topic An attempt to derail the discussion. Inappropriate language Profanity, obscenity, vulgarity, or slurs. Advertising, phishing, scamming, bots, or repetitive posts. Please provide additional information Thank you for the feedback Your feedback has been sent to our team for review. Leave a commentcancel Newly created accounts can only comment using The Journal app. This is to add an extra layer of security to account creation. Download and sign into the app to continue. Access to the comments facility has been disabled for this user View our policy ⚠️ Duplicate comment Post Comment have your say Or create a free account to join the discussion an ghaeilge An tOireachtas Oireachtas na Samhna News in 60 seconds by-election time Runners and riders: Connolly's on her way to the Áras - so who might fill her Dáil seat? Prince Andrew Prince Andrew hosted Jeffrey Epstein at his Windsor home just days before his arrest in Florida 19 mins ago 'Misleading, divisive and self-serving' - Celtic owner Dermot Desmond takes aim at Brendan Rodgers St James’s Hospital President Higgins spends second night in hospital as he receives treatment for infection Extreme Weather Why is Hurricane Melissa so strong and how will it impact Ireland? The Daily Poll How long do you think Micheál Martin will remain as Fianna Fáil leader? your stories Did you spoil your vote in the presidential election? We want to hear why A man has been arrested after he barricaded himself inside an empty creche in County Meath North Strand Road Man charged with assault and public order offences after Connolly canvasser incident Oliver Plunkett Street Gardaí launch investigation into attacks on drag artists in Cork city by-election time Runners and riders: Connolly's on her way to the Áras - so who might fill her Dáil seat? more from us Investigates Money Diaries The Journal TV Journal Media Advertise With Us About FactCheck Our Network FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition more from us TV Listings GAA Fixtures The Video Review Journal Media Advertise With Us Our Network The Journal FactCheck Knowledge Bank Terms & Legal Notices Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition © 2025 Journal Media Ltd Terms of Use Cookies & Privacy Advertising Competition Switch to Desktop Switch to Mobile The Journal supports the work of the Press Council of Ireland and the Office of the Press Ombudsman, and our staff operate within the Code of Practice. You can obtain a copy of the Code, or contact the Council, at https://www.presscouncil.ie, PH: (01) 6489130, Lo-Call 1800 208 080 or email: mailto:info@presscouncil.ie Report an error, omission or problem: Your Email (optional) Create Email Alert Create an email alert based on the current article Email Address One email every morning As soon as new articles come online